
Cuireann na céad mothúcháin fá ghnéasacht imní agus míshuaimhneas ar chách. Tá sé seo níos deacra fós duit mura bhfuil tú heitrighnéasach. Tá sé furasta go leor bheith ag mothú scoite - ar nós gur tusa an t-aon duine dá bhfuil ann. Ní hé sin mar atá an scéal. Ar fud na hÉireann, tá na mílte daoine a bhfuil a fhios acu go bhfuil siad leispiach, aerach, déghnéasach, nó tras-iscneach (LADT)*, nó a gceapann go bhfuil siad.
Is próiseas é “Teacht Amach” a ligeann do dhuine chun dul i ngleic lena c(h)laonadh gnéasach féin**, agus chun a bheith níos compordaí leo féin agus leis an todhchaí atá amach rompu.
Tá baint ar leith ag gach duine leis an phróiseas. Is é sin – cé go bhfuil cosúlachtaí ann, níl duine ar bith go cruinn baileach cosúil le duine ar bith eile, in achan gné.
Do roinnt daoine, insíonn siad fúthu dona dteaghlaigh, dona gcuid cairde, nó dona gcuid chomhoibrithe. Chan i dtólamh áfach. Do dhaoine eile, is leor insint dóibh féin é, ar dtús báire. Sa deireadh thiar thall, is cuma. Mura bhfuil tusa réidh labhairt le chuile duine faoi, ní chaithfear é sin a dhéanamh anois díreach.
Tá dhá alt le léamh ar an láithreán idirlín seo. Tá ceann amháin acu dírithe ar dhaoine atá aerach, déghnéasach, nó a gceapann siad go bhfuil. Tá an t-alt eile dírithe ar thuismitheoirí. Ar ndóigh, is féidir leat rud ar bith a phriontáil amach má tá sé ar intinn agat insint do do thuismitheoirí. B’fhéidir go mbeadh roinnt mhaith den eolas seo ina chuidiú leat agus do na daoine a n-inseoidh tú.
* Is téarma coitianta é seo do dhaoine nach bhfuil díreach/heitrighnéasach. LADT - Leispiach, Aerach, Déghnéasach, agus Tras-Iscneach (Béarla; LGBT - Lesbian, Gay, Bisexual, agus Transgender)
** Bíonn Claonadh Gnéasach ag gach duine, cibé atá ann. (Béarla; Sexual Orientation)